Inis Meáin - Comhlacht Cniotála - Baile
Inis Meáin
 
 
REAMHRÁ
Is comhlacht é Cniotáil Inis Meáin Teo. atá bunaithe i gceartlár Oileáin Árann agus a bhaineann úsáid as scileanna dúchasacha an oileáin le earraí de chaighdeán ard cniotála de scoth an snátha a chur ar fáil. Is ceann d’Oileáin Árann é Inis Meáin agus cónaíonn thart ar 200 duine ann. As an oileán seo onnmharaítear Cniotáil Inis Meáin ar fud an domhain. Seo é an t-oileán ina ndéantear na h-éadaigh uilig a bhfuil an siombal den churach dá h-iompar ag triúr fir mar chomhartha orthu.

‘Sí an churach bád iascaigh na n-oileánaigh. Níl aon fhascadh nádúrtha ón aigéan Atlantach fíochmhar ann. Mar gheall ar sin caitheann na h-iascairí a gcuid curachaí a iompar aníos as an gcladach théis chuile thuras farraige. Chniotáil mná an oileáin geansaithe dá gcuid fir leis na cianta. Is as an traidisiún seo a fáisceadh an comhlacht s’againne.

Go maire tú is go gcaithe tú é. Áine & Tarlach de Blácam