Inis Meáin - Comhlacht Cniotála - Táirgi
Inis Meáin
 
TÁIRGI

Tá traidisiún an chniotáil tugtha chun cinn thar na blianta le teicneolaíocht nua. Tá chuile bhailiúchán éadaigh fáiscithe as an nua le snáthachaí galánta míne agus le dathanna slachtmhara bunaithe ar dhathanna na timpeallachta, na farraige agus na talún. Traidisiún é seo atá níos sine ná cuimhne na daoine ach atá fós cho h-úr leis an gcéad mhaidhm farraige eile.

Sna pictiúir seo tá ár bpatrún Árannach le feiceál. Is caismíor agus olann meiríneo atá sna geansaithe seo agus dá bharr sin, tá siad an-chompórdach le caitheamh. Chomh maith leis na stíleanna claisiceacha seo, bíonn réimsí nua faisiún d’fhir agus do mhná gach séasúr.